Tuairiscí ar thuairteáil a sheoladh chun cabhrú le Mozilla chun Firefox a fheabhsú

This article is no longer maintained, so its content might be out of date.

Ciallaíonn an earráid seo gur thuairteáil (= gur chlis) breiseán (Adobe Flash, mar shampla). Má dhéantar an leathanach a athluchtú atosófar an breiseán, agus taispeánfar d'fhíseán (nó inneachar de chineál eile) arís. Sula ndéanfaidh tú an leathanach a athluchtú, is féidir leat nóta tráchta a fhágáil chun míniú a thabhairt ar cén chaoi ar tharla sé agus tuairisc ar an tuairteáil a sheoladh chuig Mozilla trí chliceáil ar Seol tuairisc ar an tuairteáil. Cabhraíonn na tuairiscí ar thuarteálacha seo linn chun feabhsuithe a dhéanamh ar Firefox.

Plugin crash notification Fx21

Céard é an rud é breiseán?

Is éard is breiseán ann ná píosa bogearraí a thaispeánann inneachar Idirlín nach bhfuil Firefox féin in ann a láimhseáil. Físeáin, fuaimeanna, cluichí ar líne agus láithreoireachtaí a chruthaítear i bhformáidí atá faoi phaitinn a bhíonn i gceist go hiondúil. Is iad na comhlachtaí a dhéanann na formáidí sin a chruthaíonn agus scaipeann breiseáin chun na formáidí atá faoi phaitinn a úsáid. Ar na breiseáin is coitianta tá Adobe Flash, Apple QuickTime agus Microsoft Silverlight.

Céard é an rud é tuairteáil?

Tarlaíonn tuairteáil nuair a stopann píosa bogearraí de bheith ag obair go tobann. Tuairteálann breiseáin uaireanta ar chúiseanna éagsúla, agus ciallaíonn sin go dtuartálann Firefox in éineacht leis. Chun tuilleadh eolais a fháil ar thuartálacha Firefox, féach Troubleshoot Firefox crashes (closing or quitting unexpectedly). Tá breiseáin áirithe ann a lódáltar ar leithligh, seachas i bhFirefox féin, rud a fhágann gur féidir le Firefox fanacht oscailte má thuartálann an breiseán.

Cén fhaisnéis a sheoltar i dtuairisc ar thuairteáil?

I dtuairiscí ar thuairteáil ní bhíonn ach an t-eolas teicniúil a theastaíonn chun cabhrú le forbróirí Firefox a fháil amach céard a bhí cearr, agus conas é a dheisiú. Ní bhíonn eolas pearsanta sna tuairiscí seo. Ar an eolas a sheoltar i dtuairisc, tá:

  • an leathanach gréasáin ar a raibh tú
  • an leagan de Firefox a bhí in úsáid agat
  • do chóras oibriúcháin
  • breiseáin atá suiteáilte
  • eisínteachtaí atá suiteáilte
  • agus eolas teicniúil eile.

Tá an t-eolas seo ar fad faoi réir Pholasaí Príobháideachais Firefox (en).

Cén chaoi a stopfaidh mé breiseáin de bheith ag tuairteáil?

Is féidir go leor de na fadhbanna a bhaineann le breiseáin a réiteach má dhéantar nuashonrú chun an leagan is déanaí den bhreiseáin a fháil. Le seiceáil an bhfuil aon cheann de na breiseáin atá suiteáilte agat as dáta, tabhair cuairt ar an leathanach 'Seiceáil do chuid Forlíontán' atá ag Mozilla. Bíonn an t-ainm atá ar an mbreiseán a thuairteáil le feiceáil sa theachtaireacht earráide.

Plugin name crash notification Fx21

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi thuarteálacha Adobe Flash?

Féach Adobe Flash plugin has crashed - Prevent it from happening again.

I mbun forbartha do Flash le Flex?

Is féidir le brisphointí cosaint ar chrochadh a thionscnamh i bhFirefox. Is féidir leat cosaint ar chrochach a dhíchumasú má shocraíonn tú an tsainrogha dom.ipc.plugins.timeoutSecs go -1. Féach an doiciméadacht ag Líonra Forbróirí Mozilla chun mionsonraí a fháil.

These fine people helped write this article:

Illustration of hands

Volunteer

Grow and share your expertise with others. Answer questions and improve our knowledge base.

Learn More