Tús a chur le Firefox - Forbhreathnú ar na príomhghnéithe

Ag tosú amach le Firefox? Bheul tá tú san áit cheart. San alt seo tugtar eolas faoi na bunghnéithe go léir agus beidh tú ag brabhsáil faoi lán seoil théis cúpla nóiméad. Tá lear mór nascanna ann freisin chuig altanna suimiúla eile a d'fhéadfadh a bheith spéisiúil duit amach anseo.

Do leathanach baile a shocrú nó a athrú

Conas an leathanach a osclaítear nuair a thosaíonn Firefox nó nuair a chliceálann tú ar an gcnaipe Baile a roghnú.

  1. Oscail cluaisín leis an leathanach gréasáin is mian leat a úsáid don leathanach baile.
  2. Tarraing agus scaoil an cluaisín sin ar an gcnaipe Baile Home Button.
    Home Page 29 - Win8Home Page 29 - MacHome Page 29 - Linux
  3. Cliceáil ar chun an leathanach seo a shocrú mar do leathanach baile.

Tá cur síos ar roghanna breise san alt faoin leathanach baile.

Cuardach gréasáin a dhéanamh

Is féidir leat an t-inneall cuardaigh is fearr leat a roghnú le barra Cuardaigh insuite Firefox.

  • Níl le déanamh ach cliceáil ar an deilbhín cuardaigh, ar an taobh clé den bharra cuardaigh, chun an ceann atá uait a phiocadh.
    Search2 29 - WinSearch2 29 - MacSearch2 29 - Lin
  • Ní le déanamh ach tosú ag clóscríobh sa bharra cuardaigh agus an t-inneall cuardaigh atá uait a phiocadh.
    quick search fx34

Tá leideanna eile faoi chuardach a dhéanamh san alt faoin mbarra Cuardaigh.

Suíomh gréasáin a leabharmharcáil

Na suíomhanna is fearr leat a shábháil.

  • Chun leabharmharc a chruthú, cliceáil ar an reálta ar an mbarra uirlisí. Athróidh an reálta go dath gorm agus cruthófar leabharmharc don leathanach ar a bhfuil tú san fhillteán Leabharmharcanna Gan Sórtáil. Tá sé chomh simplí leis sin!
    Bookmark 29 WinBookmark 29 MacBookmark 29 Lin
Leid: Tarraing cluaisín go díreach chuig barra uirlisí na leabharmharcanna chun é a shábháil ansin.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an t-alt faoi leabharmharcanna.

Gach rud a aimsiú leis an Awesome Bar

Is nós linn an "Awesome Bar" (barra iontach) a thabhairt ar bharra seoltaí Firefox toisc go n-aimsíonn sé áiteanna ar thug tú cuairt orthu roimhe go scioptha.

  • Nuair a thosaíonn tú ag clóscríobh sa bharra seoltaí, feicfidh tú liosta de leathanaigh ó do stair bhrabhsála agus ó do leabharmharcanna. A luaithe a fheiceann tú an leathanach atá uait, níl le déanamh ach cliceáil air.
    Bookmark3 29 WinBookmark3 29 MacBookmark3 29 Lin
Leid: Is féidir leat cuardach gréasáin a dhéanamh anseo freisin. Bain triail as.

Chun cleasanna eile a fhoghlaim, féach an t-alt faoin Awesome Bar.

Brabhsáil Phríobháideach

Cuireann Brabhsáil Phríobháideach Firefox ar do chumas an tIdirlíon a bhrabhsáil gan aon fhaisnéis a shábháil ar do ríomhaire faoi na suíomhanna agus leathanaigh ar thug tú cuairt orthu.

  • Cliceáil ar an gcnaipe roghchláir New Fx Menu agus ansin cliceáil ar Fuinneog Nua Phríobháideach.
    private browsing - fx29 - winxpprivate browsing - fx29 - win8private browsing - fx29 - macprivate browsing - fx29 - linux

Tá tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-oibríonn Brabhsáil Phríobháideach san alt seo.

An roghchlár agus an barra uirlisí a shaincheapadh

Is féidir leat na míreanna atá le feiceáil ar an roghchlár nó ar do bharra uirlisí a athrú.

  1. Cliceáil ar an gcnaipe roghcláir Níl íomhá "new fx menu" ann. agus roghnaigh Saincheap.
    • Osclófar cluaisin speisialta ina mbeidh tú in ann míreanna a tharraingt isteach nó amach as an roghchlár agus an barra uirlisí.
    Customize Fx 29 Win8
  2. Nuair atá tú críochnaithe, cliceáil ar an gcnaipe glas Scoir ón Saincheapadh.

Féach an t-alt faoi conas Firefox a shaincheapadh chun tuilleadh eolais a fháil.

Gnéithe breise a chur le Firefox le breiseáin

Tá breiseáin cosúil le haipeanna ar féidir leat a shuiteáil chun go mbeidh Firefox ag feidhmiú ar an gcaoi is maith leat.

  1. Ag barr fhuinneog Firefox, cliceáil ar an gcnaipe FirefoxAr an mbarra roghchláir, cliceáil ar an roghchlár UirlisíAg barr fhuinneog Firefox, cliceáil ar an roghchlár Uirlisí, ansin cliceáil ar Breiseáin. Osclófar cluaisín dar teideal Bainisteoir na mBreiseán. Cliceáil ar an gcnaipe roghchláir New Fx Menu agus roghnaigh Breiseáin. Osclófar cluaisín dar teideal Bainisteoir na mBreiseán.

  2. I gcluaisín Bhainisteoir na mBreiseán, roghnaigh an painéal Faigh Breiseáin.
  3. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Bhreiseán nó Téama Mór-Le-Rá, cliceáil air. Ansin is féidir leat an cnaipe glas Cuir le Firefox a chliceáil chun é a shuiteáil.
    • Is féidir leat breiseáin shonracha a chuardach freisin ach úsáid a bhaint as an mbosca cuardaigh ag an mbarr. Ansin chun aon bhreiseán a aimsíonn tú a shuiteáil, ní gá duit ach cliceáil ar an gcnaipe Suiteáil.
      Addon1 29 WinAddon2 29 WinAddon1 29 MacAddon2 29 MacAddon1 29 LinAddon2 29 Lin
  4. Déanfaidh Firefox an breiseán a d'iarr tú a íosluchtú agus seans go n-iarrfar ort a dheimhniú gur mian leat é a shuiteáil.
  5. Cliceáil ar Atosaigh Anois má phreabann an cnaipe sin anuas. Sábhálfar do chuid cluaisíní agus tar éis an atosaithe cuirfear ar ais iad san áit a bhí siad.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi bhreiseáin, féach Find and install add-ons to add features to Firefox.

Leid: Tá breisáin áirithe ann a chuireann cnaipe ar an mbarra uirlisí tar éis a suiteála. Is féidir leat iad sin a bhaint nó a bhogadh isteach sa roghchlár más mian leat - féach Customize Firefox controls, buttons and toolbars.

Firefox a choinneáil sioncronaithe

Do leabharmharcanna, stair, focail faire agus tuilleadh a rochtain ó ghléas ar bith.

  1. Cruthaigh cuntas Firefox ar dtús:
    • Cliceáil ar an gcnaipe roghchláir New Fx Menu agus roghnaigh Logáil isteach i Sync agus lean na treoracha chun do chuntas a chruthú.
    Sync 29
  2. Ansin níl le déanamh ach síniú isteach chun gléas eile a nascadh.

Chun treoracha mionsonraithe a fháil, féach How do I set up Sync on my computer?

Nasc físe a dhéanamh le cairde

Bain sult as físchomhráite saor in aisce go díreach ó do bhrabhsálaí le Firefox Hello.

  1. Cliceáil ar an gcnaipe Hello hello button ag barr an bhrabhsálaí chun seomra comhrá a chruthú.
  2. Seol an nasc chuig an gcomhrá chuig cara.
  3. Tabharfaidh Firefox fógra duit nuair a thagann do chara isteach sa chomhrá.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhíschomhráite, féach Firefox Hello - video and voice conversations online.

Leathanaigh ghréasáin a bhrabhsáil le cairde

With Firefox Hello, you can call your friends and discuss web pages with them.

  1. Cliceáil ar an gcnaipe Hello hello button ag barr an bhrabhsálaí chun comhrá a chruthú.
  2. Seol an nasc chuig an gcomhrá chuig cara.
  3. Tabharfaidh Firefox fógra duit nuair a thagann do chara isteach sa chomhrá.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhíschomhráite, féach Firefox Hello - video and voice conversations online.

Cabhair a fháil

Má tá tuilleadh ceisteanna agat nó má bhíonn cabhair ag teastáil uait le Firefox am ar bith, tá tú ar an suíomh gréasáin ceart.

  • Tá na céadta altanna ar an suíomh seo a chlúdaíonn beagnach gach ceist faoi Firefox a d'fhéadfadh a bheith agat.
Cabhair a fháil

An bhfuil tú sásta leis an alt seo?

Fan go fóill, le do thoil...

These fine people helped write this article:

Illustration of hands

Volunteer

Grow and share your expertise with others. Answer questions and improve our knowledge base.

Learn More