Firefox a nuashonrú chuig an leagan is déanaí

Mar réamhshocrú, tá Firefox socraithe chun nuashonrú a dhéanamh air fein go huathoibríoch ach is féidir leat nuashonrú a dhéanamh de láimh am ar bith freisin. Seo an chaoi chun é sin a dhéanamh:

NB: Má úsáideann tú an leagan de Firefox atá pacáistithe le do dháileach Linux, beidh ort fanacht go dtí go n-eiseofar pacáiste nuashonraithe chuig stór pacáistí an dáilte sin. Ní bhaineann an t-alt seo le hábhar ach amháin más rud é go ndearna tú Firefox a shuiteáil de láimh (gan an bainisteoir pacáistí sa dáileadh Linux atá agat a úsáid).
  1. Cliceáil ar an gcnaipe roghchláir New Fx Menu, ansin cliceáil ar 'Cabhair' Help-29 agus roghnaigh Maidir le Firefox.Ar an mbarra roghchláir, cliceáil ar an roghchlár Firefox agus roghnaigh Maidir le Firefox.
  2. Osclóidh an fhuinneog Maidir le Firefox agus tosóidh Firefox ar nuashonruithe a chuardach agus a íoslódáil go huathoibríoch.
    Update Win1 Fx14
  3. Nuair a bheidh na nuashonruithe réidh le suiteáil, cliceáil ar Atosaigh le NuashonrúAtosaigh Firefox chun é a nuashonrú.
    Update Win2 Fx14Update Win2 Fx34
Tábhachtach: Más rud é nár thosaigh an nuashonrú, nár chríochnaigh sé nó gur tharla fadhb éigean eile, bain úsáid as an nasc íosluchtaithe seo nó téigh chuig leathanach na gCóras agus na dTeangacha chun an leagan is déanaí de Firefox i gcomhair do chóras agus do theanga a íosluchtú (féach How to install Firefox on WindowsInstall Firefox on LinuxHow to download and install Firefox on Mac chun treoracha a fháil).

Bí sábháilte: Ná déan íosluchtú ach ó naisc oifigiúla Mozilla thuas chun bogearraí mailíseacha a sheachaint.

Chun socruithe na nuashonruithe a athrú, féach Advanced panel - Accessibility, browsing, network, updates, and other advanced settings in Firefox.

An bhfuil tú sásta leis an alt seo?

Fan go fóill, le do thoil...

These fine people helped write this article:

Illustration of hands

Volunteer

Grow and share your expertise with others. Answer questions and improve our knowledge base.

Learn More