Roghnaigh teangacha taispeána do leathanaigh ilteangacha ghréasáin

Eolas faoin Leagan
  • Aitheantas an Leagain: 194069
  • Cruthaithe:
  • Cruthaitheoir: Seanan
  • Nóta: Aistrithe go Gaeilge
  • Athbhreithnithe:
  • Athbhreithnithe:
  • Athbhreithnithe ag: temuchie
  • Is approved?
  • An é seo an leagan reatha?
  • Ready for localization: Níl
Foinse an leagain
Ábhar an leagain

Cuirtear leathanaigh ghréasáin ar fáil in iliomad teangacha. Roghnóidh Firefox teanga bunaithe ar liosta na dteangacha is fearr leat. Mura bhfuil leathanach ar fáil sa teanga ar bharr an liosta, dearbhálann Firefox an bhfuil sé le fáil sa chéad theanga eile ar do liosta de na teangacha is fearr leat.

Chun an teanga do roghchláir, d'fhógraí, agus do chomhéadan Firefox a athrú, féach ar Bain feidhm as Firefox i dteanga eile.

Féach ar liosta na dteangacha

  1. Cliceáil ar an gcnaipe roghchláir New Fx MenuFx57Menu, ansin pioc Roghanna.Sainroghanna.
  2. Sa phainéal Ginearálta, scrollaigh síos chuig 'Teanga' faoi Teanga agus cuma.
  3. Brúigh an cnaipe Roghnaigh taobh le Roghnaigh an teanga is fearr leat le taispeáint leathanach chun do liosta teangacha a fheiceáil.

Cuir, bain, agus atheagraigh na teangacha

Cuir teanga leis

  1. Ó liosta na dteangacha thuas, roghnaigh teanga sa roghchlár Roghnaigh teanga le cur leis.
  2. Brúigh an cnaipe Cuir leis.

Bain teanga

  1. Roghnaigh an teanga is mian leat a bhaint as an liosta na dteangacha gníomhach.
  2. Brúigh an cnaipe Bain.

Atheagraigh na teangacha

  1. Ó liosta na dteangacha, roghnaigh an teanga is mian leat a bhogadh.
  2. Brúigh na cnaipí Bog Suas Í agus Bog Síos Í chun na teangacha a shocrú san ord is mian leat.