Brabhsáil Phríobháideach - Firefox a úsáid gan stair a shábháil

Agus tú i mbun brabhsála ar an ngréasán, cuimhníonn Firefox ar go leor faisnéise duit - cosúil leis na suíomhanna ar thug tú cuairt orthu. D'fhéadfadh sé tarlú uaireanta, áfach, nach dteastaíonn uait go bhfeicfidh na daoine a bhfuil teacht acu ar do ríomhaire an fhaisnéis seo, mar shampla nuair a bhíonn tú ag déanamh siopadóireachta chun bronntanas a fháil. Ligeann Brabhsáil Phríobháideach duit an tIdirlíon a bhrabhsáil gan aon fhaisnéis a shábháil faoi cé na suíomhanna agus leathanaigh ar thug tú cuairt orthu.

Is cuid den Bhrabhsáil Phríobháideach é What happened to Tracking Protection?, gné a chuireann cosc ar chuideachtaí do stair bhrabhsála a rianú thar níos mó ná suíomh amháin. Chun tuilleadh eolais a fháil fao Bhrabhsáil Phríobháideach le Cosaint ar Rianú in Firefox, féach What happened to Tracking Protection?.

Is mar seo a oibríonn sé.

Tábhachtach: Ní fhágann Brabhsáil Phríobháideach go bhfuil tú iomlán anaithnid ar an Idirlíon. Is féidir le do sholáthraí seirbhísí Idirlín, d'fhostóir, nó na suíomhanna féin na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu a rianú fós. Ní thugann Brabhsáil Phríobháideach cosaint duit ach oiread ó eochairlogálaithe ná ó bhogearraí spiaireachta a d'fhéadfadh a bheith suiteáilte ar do ríomhaire.

Cén chaoi ar féidir liom Fuinneog Phríobháideach nua a oscailt?

Tá dhá bhealach ann chun Fuinneog Phríobháideach a oscailt.

Fuinneog Phríobháideach nua, bhán a oscailt

  • Cliceáil ar an gcnaipe roghchláir New Fx Menu agus ansin cliceáil ar Fuinneog Nua Phríobháideach.
    private browsing - fx29 - winxpprivate browsing - fx29 - win8private browsing - fx29 - macprivate browsing - fx29 - linux

Nasc a oscailt i bhFuinneog Phríobháideach nua

  • Right-clickHold down the control key while you click ar aon nasc agus roghnaigh Oscail Nasc i bhFuinneog Nua Phríobháideach ón roghchlár comhthéacs.
    Link in Private Window Fx20 WinXPLink in Private Window Fx20 Win7Link in Private Window Fx20 MacLink in Private Window Fx20 Lin
Leid: Bíonn masc corcra le feiceáil ag an mbarr ar fhuinneoga Brabhsála Príobháidí.
Mask - WinXPMask - Win8Mask - MacMask - Linux

Céard nach sábháiltear sa Bhrabhsáil Phríobháideach?

  • Leathanaigh ar tugadh cuairt orthu: Ní chuirfear aon leathanach le liosta na suíomhanna sa roghchlár Staire, i liosta staire Fhuinneog na leabharlainne, ná le liostaí seoltaí an Bharra Awesome (an barra seoltaí cliste).
  • Iontrálacha i bhFoirmeacha agus sa Bharra Cuardaigh: Ní shábhálfar aon rud a chuirfidh tú isteach i dtéacsbhoscaí ar leathanaigh ghréasáin ná sa bharra Cuardaigh don uathlíonadh foirmeacha.
  • Focail faire: Ní shábhálfar aon fhocal faire nua.
  • Míreanna i Liosta na nÍosluchtuithe: Ní bheidh aon chomhad a íosluchtfaidh tú le feiceáil sa liosta i bhFuinneog na nÍosluchtuithe tar éis duit Brabhsáil Phríobháideacha a chasadh as.
  • Fianáin: Úsáidtear fianáin chun faisnis a stóráil faoi shuíomhanna gréasáin a dtugann tú cuairt orthu, mar shampla sainroghanna an tsuímh, eolas faoi bheith logáilte isteach nó gan a bheith, agus sonraí a úsáideann breiseáin cosúil le Adobe Flash. Is féidir le tríú páirtithe fianáin a úsáid chun rianú a dhéanamh ort agus tú ag surfáil ó leathanach gréasáin amháin go ceann eile. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi rianú, féach How do I turn on the Do Not Track feature?
  • Inneachar Gréasáin Taiscthe agus Inneachar Gréasáin agus Sonraí Úsáideora As Líne: Ní shábhálfar comhaid shealadach Idirlín (comhaid taiscthe) ná comhaid a stórálann suíomhanna gréasáin lena n-úsáid as líne.
Tabhair faoi deara:
  • Sábhálfar leabharmharcanna nua a chruthaíonn tú agus Brabhsáil Phríobháideach ar siúl.
  • Sábhálfar aon chomhad a íosluchtaíonn tú chuig do ríomhaire nuair atá Brabhsáil Phríobháideach ar siúl.
  • Níl Firefox Hello ar fáil sa Bhrabhsáil Phríobháideach.

An féidir liom Firefox a shocrú chun Brabhsáil Phríobháideach a úsáid i gcónaí?

Mar réamhshocrú, cuimhníonn Firefox ar an stair ach is féidir leat an socrú sin a athrú i RoghannaSainroghanna Príobháideachais Firefox (cliceáil ar roghchlár Firefox New Fx Menu, pioc RoghannaSainroghanna agus roghnaigh an painéal Príobháideachas). Má athraíonn tú an socrú Staire chuig Ná meabhraigh an stair riamh, is ionann sin agus a bheith sa mhód Brabhsála Príobháidí i gcónaí. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Settings for privacy, browsing history and do-not-track.

Tábhachtach: Nuair atá Ná meabhraigh an stair riamh socraithe in Firefox, ní fheicfidh tú masc corcra ag barr gach fuinneoige, cé go bhfuil tú, go héifeachtach, sa mhód Brabhsála Príobháidí. Le dul ar ais chuig an gnáthbhrábhsáil, téigh chuig na RoghannaSainroghanna Príobháideachais agus roghnaigh an socrú Meabhraigh an stair.

Bealaí eile chun an fhaisnéis a shábhálann Firefox a rialú

An bhfuil tú sásta leis an alt seo?

Fan go fóill, le do thoil...

These fine people helped write this article:

Illustration of hands

Volunteer

Grow and share your expertise with others. Answer questions and improve our knowledge base.

Learn More